Cad é Tor?
Is féidir leis an ainm "Tor" tagairt a dhéanamh do roinnt comhpháirteanna éagsúla.
Is clár é Tor is féidir leat a rith ar do ríomhaire a chabhraíonn leat fanacht slán ar an Idirlíon. Cosnaíonn sé tú trí do chumarsáid a phreabadh timpeall líonra dáilte athsheachadán atá á reáchtáil ag oibrithe deonacha ar fud an domhain: cuireann sé cosc ar dhuine atá ag faire ar do nasc Idirlín foghlaim cé na suíomhanna a dtugann tú cuairt orthu, agus cuireann sé cosc ar na suíomhanna a dtugann tú cuairt orthu foghlaim faoi do shuíomh fisiciúil. Tugtar líonra Tor ar an tsraith athsheachadáin dheonacha seo.
Is é an bealach a úsáideann formhór na ndaoine Tor ná le Brabhsálaí Tor, leagan de Firefox a shocraíonn go leor saincheisteanna príobháideachta. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi Tor ar ár leathanach faoi.
Is eagraíocht neamhbhrabúis (carthanachta) í an Tor Project a chothaíonn agus a fhorbraíonn bogearraí Tor.