An dtugann Tor Project seirbhís ríomhphoist nó seirbhísí gréasáin eile a chosnaíonn príobháideacht?
Forbraíonn Tionscadal Tor bogearraí príobháideachais agus anaithnideachta, ach ní ritheann sé ríomhphost, óstáil, ná seirbhísí ar líne eile.
Ní sholáthraíonn Tionscadal Tor óstáil, aip teachtaireachtaí, réitigh ríomhphoist, ná aon seirbhísí ar líne eile. Díríonn ár gcuid oibre ar bhogearraí feabhsaithe príobháideachta a fhorbairt agus a chothabháil ar nós Brabhsálaí Tor agus uirlisí gaolmhara. Is féidir liosta dár dtionscadail bhogearraí uile a fháil ar ár leathanach tionscadal.