Ní hea. Ní mór duit clár ar leith a úsáid a thuigeann d’iarratas agus do phrótacal agus a bhfuil a fhios aige conas na sonraí a sheolann sé a ghlanadh nó a “scriosadh”. Déanann Brabhsálaí Tor iarracht sonraí leibhéal feidhmchláir a choinneáil aonfhoirmeach do gach úsáideoir, amhail an teaghrán úsáideora-ghníomhaire. Ní féidir le Brabhsálaí Tor faic a dhéanamh faoin téacs a chlóscríobhann tú i bhfoirmeacha, áfach.