Seol teachtaireacht rphoist chuig gettor@torproject.org I gcorp an ríomhphoist, scríobh ainm do chórais oibriúcháin (cosúil le Windows, macOS, nó Linux). Freagróidh GetTor le ríomhphost ina mbeidh naisc ónar féidir leat Brabhsálaí Tor a íoslódáil, an síniú cripteagrafach (ag teastáil le haghaidh an íoslódáil a fhíorú), méarloirg na heochrach a úsáidtear chun an síniú a dhéanamh, agus seiceam an phacáiste. Má tá rogha agat idir bogearra "32-giotán" nó "64-giotán", braitheann an freagra ar an sórt ríomhaire atá agat; féach ar an doiciméadú maidir le do ríomhaire chun tuilleadh eolais a fháil.