New Tor Circuit for this Site / Ciorcad Nua Tor don Suíomh seo

Tá an rogha seo úsáideach mura bhfuil an exit atá in úsáid agat in ann ceangal leis an suíomh Gréasáin atá uait, nó mura bhfuil sé á lódáil i gceart. Má roghnaíonn tú é, déanfar an cluaisín nó an fhuinneog atá gníomhach faoi láthair a athlódáil thar chiorcad Tor nua. Bainfidh cluaisíní agus fuinneoga oscailte eile ón suíomh Gréasáin céanna úsáid as an gciorcad nua freisin nuair a athlódálfar iad. Ní ghlanann an rogha seo aon fhaisnéis phríobháideach ná ní dhínascann sé do ghníomhaíocht, agus ní chuireann sé isteach ar do naisc reatha le láithreáin ghréasáin eile.