Is seirbhís oinniún é seirbhís oinniúin fhíordheimhnithe a éilíonn ort comhartha fíordheimhnithe a sholáthar (eochair phríobháideach sa chás seo) sula bhfaighidh tú rochtain ar an tseirbhís. Ní tharchuirtear an eochair phríobháideach chuig an tseirbhís, agus ní úsáidtear í ach chun a tuairisceoir a dhíchriptiú go háitiúil. Is féidir leat na dintiúir rochtana a fháil ón oibreoir seirbhíse oinniúin. Déan teagmháil leis an oibreoir agus iarr rochtain. Foghlaim tuilleadh faoi conas fíordheimhniú oinniúin a úsáid i mBrabhsálaí Tor. Más mian leat seirbhís oinniúin a chruthú le fíordheimhniú cliant, féach le do thoil ar an rannán Údarú Cliant ar thairseach an Chomhphobail.