Is féidir seirbhísí onion a úsáid chun brabhsáil ar ndóigh, ach is féidir iad a úsáid chun ábhar a fhoilsiú freisin, suímh Ghréasáin gan ainm san áireamh.

Bítear ag brath freisin ar sheirbhísí oinniúin le haghaidh comhrá saor ó mheiteashonraí agus comhroinnt comhad, idirghníomhú níos sábháilte idir iriseoirí agus a bhfoinsí mar le SecureDropOnionShare, nuashonruithe bogearraí níos sábháilte, agus bealaí níos sláine chun teacht ar shuíomhanna gréasáin móréilimh mar Facebook.

Úsáideann na seirbhísí seo an fearann ardleibhéil sainúsáide (TLD) .onion (in ionad .com, .net, .org, etc.) agus níl rochtain orthu ach trí líonra Tor.

Deilbhín oinniún

Agus rochtain á fáil agat ar shuíomh Gréasáin a úsáideann seirbhís oinniúin, taispeánfaidh Brabhsálaí Tor deilbhín d’oinniún ag an mbarra URL a thaispeánfaidh staid do naisc: slán agus úsáid á baint as seirbhís oinniúin.

Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi sheirbhísí oinniún, léigh Conas a oibríonn Seirbhísí Oinniún?