Cuireann BridgeDB sé mheicníocht i bhfeidhm chun droichid a dháileadh: HTTPS, Móta, Ríomhphost, Telegram, Socruithe agus Forchoimeádta. Is féidir le hoibreoirí droichead a sheiceáil cén mheicníocht atá á húsáid ag an droichead, ar an Cuardach Athsheachadáin. Cuir isteach <HASHED FINGERPRINT> an droichid san fhoirm agus cliceáil "Cuardaigh".

Is féidir le hoibreoirí a roghnú freisin cén modh dáileacháin a úsáideann a n-droichead. Chun an modh a athrú, modhnaigh an socrú BridgeDistribution sa chomhad torrc go ceann amháin díobh seo: https, móta, ríomhphost, teileagram, socruithe, lox, none, any. Is féidir leat cur síos ar gach dáileoir a fháil sa dhoiciméadú dáileoirí rdsys.

Léigh tuilleadh faoin treoir Bridges post-install.