Má tá Debian nó Ubuntu á úsáid agat go háirithe, bain úsáid as stór Tionscadal Tor ionas gur féidir leat nuashonruithe a fháil go héasca. Ina theannta sin, cuireann úsáid an phacáiste áiseanna eile ar fáil:

  • Socraítear do ulimit -n go líon ard, ionas gur féidir le Tor na naisc go léir a theastaíonn uaidh a choinneáil ar oscailt.
  • Cruthaíonn agus úsáideann an pacáiste úsáideoir ar leith, mar sin ní gá duit Tor a rith mar d’úsáideoir féin.
  • Tá script init sa phacáiste ionas go ritheann Tor ag tosaithe.
  • Is féidir le Tor ceangal le poirt íseal-uimhrithe, ansin pribhléidí a ísliú.