Tá an ceart agat, don chuid is mó ciallaíonn beart isteach i do chuid sealaíochta Tor beart amach, agus vice versa. Ach tá roinnt eisceachtaí ann:

Má osclaíonn tú do DirPort, iarrfaidh cliaint Tor cóip den eolaire ort. Tá an t-iarratas a dhéanann siad (GET HTTP) sách beag, agus uaireanta bíonn an freagra sách mór. Is dócha gurb é seo an chuid is mó den difríocht idir do chomhaireamh beart "scríobh" agus do chomhaireamh beart "léigh".

Léirítear mioneisceacht eile nuair a fheidhmíonn tú mar nód scoir, agus léann tú cúpla beart ó nasc scoir (mar shampla, nasc teachtaireachtaí meandracha nó ssh) agus fillteann tú suas i gcill iomlán beart 512 é le hiompar trí líonra Tor .