Cén fáth a scríobhann mo athsheachadán níos mó beart ar an líonra ná mar a léann sé?
Is minic a bhíonn an chuma ar an scéal go dtarchuireann athsheachadáin Tor níos mó beart ná mar a fhaigheann siad mar gheall ar fhreagraí eolaire agus an chaoi a bpacálann Tor sonraí i gcealla.
Tá an ceart agat, den chuid is mó ciallaíonn beart isteach i do athsheachadán Tor beart amach, agus a mhalairt. Ach tá cúpla eisceacht ann:
Má osclaíonn tú do DirPort, iarrfaidh cliaint Tor cóip den eolaire ort. Is beag an t-iarratas a dhéanann siad (HTTP GET), agus uaireanta bíonn an freagra mór go leor. Is dócha gurb é seo an chúis is mó leis an difríocht idir do chomhaireamh beart "scríofa" agus do chomhaireamh beart "léithe".
Tagann eisceacht bheag eile chun cinn nuair a oibríonn tú mar nód scoir, agus léann tú cúpla beart ó nasc scoir (mar shampla, nasc teachtaireachtaí meandaracha nó ssh) agus fillteann tú suas é i gcill iomlán 512 beart le haghaidh iompair tríd an líonra Tor.