Rinneamar cumraíocht ar NoScript sa chaoi go gceadaíonn sé JavaScript i mBrabhsálaí Tor de réir réamhshocraithe toisc nach bhfeidhmíonn go leor suíomh Gréasáin gan JavaScript sa lá atá inniu ann. Thréigfeadh go leor úsáideoirí Tor dá mbeadh JavaScript díchumasaithe de réir réamhshocraithe mar gheall ar an líon fadhbanna a tharlódh. I ndeireadh na dála, ba mhaith linn brabhsálaí atá chomh slán agus is féidir a chruthú, agus san am céanna ceann atá inúsáidte ag formhór na ndaoine. Sin an fáth bunúsach a bhfuil JavaScript cumasaithe de réir réamhshocraithe.

Maidir le húsáideoirí ar mian leo JavaScript a bheith díchumasaithe ar gach suíomh HTTP de réir réamhshocraithe, molaimid an rogha Leibhéal Slándála do Bhrabhsálaí Tor a athrú. Is féidir é seo a dhéanamh trí chliceáil ar an íocón Slándála (an sciath bheag liath ar bharr na láimhe deise den scáileán) agus ansin cliceáil ar "Socruithe...". Ceadaíonn an leibhéal "Caighdeánach" JavaScript, déanann an leibhéal "Níos Sábháilte" JavaScript a bhlocáil ar shuíomhanna HTTP agus déanann an leibhéal "is Sábháilte" JavaScript a bhlocáil ar fad.