D'athraíomar an príomhinneall cuardaigh go DuckDuckGo i leagan 6.0.6 de Bhrabhsálaí Tor. Le tamall anuas anois, ní raibh rochtain ar thorthaí cuardaigh Google ag Disconnect, a úsáideadh roimhe seo i mBrabhsálaí Tor. Ós rud é gur inneall cuardaigh meta níos mó é Disconnect, a ligeann d’úsáideoirí rogha a dhéanamh idir soláthraithe cuardaigh éagsúla, thit sé siar ar thorthaí cuardaigh Bing a sheachadadh, rud a bhí do-ghlactha go bunúsach ó thaobh cáilíochta de. Ní dhéanann DuckDuckGo logáil, bailiú nó roinnt faisnéise pearsanta an úsáideora nó a stair chuardaigh, agus mar sin tá sé in áit is fearr chun do phríobháideacht a chosaint. Stórálann an chuid is mó d’innill chuardaigh eile do chuardaigh mar aon le faisnéis eile ar nós an stampa ama, do sheoladh IP, agus faisnéis do chuntais má tá tú logáilte isteach.