Uaireanta, cuireann suímh cosc ar úsáideoirí toisc nach féidir leo idirdhealú a dhéanamh idir gnáthúsáideoirí Tor agus trácht uathoibrithe. An straitéis is fearr atá againn ó thaobh deireadh a chur leis an gcosc ar úsáideoirí Tor ná dul i dteagmháil go díreach le riarthóirí an tsuímh. Seans go ndéanfadh rud éigin mar seo an beart:

"Dia dhuit! Rinne mé iarracht cuairt a thabhairt ar do shuíomh xyz.com le Brabhsálaí Tor ach de réir cosúlachta cuireann sibh cosc ar úsáideoirí Tor. Molaim go láidir duit athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh seo; úsáideann daoine ar fud an domhain Tor lena bpríobháideachas a chosaint agus le troid in aghaidh cinsireachta. Trí chosc a chur ar úsáideoirí Tor, is dócha go bhfuil tú ag cur cosc ar dhaoine atá faoi smacht ina dtír dhúchais agus nach bhfuil in ann leas a bhaint as Idirlíon saor is oscailte, ar iriseoirí, taighdeoirí, daoine nochta scéil, gníomhaithe, agus gnáthdhaoine nach bhfuil sásta leis an lorgaireacht chunórach a dhéanann tríú páirtithe ar an nGréasán. Iarraim ort an fód a sheasamh ar son príobháideachais dhigitigh agus ar son saoirse Idirlín, trí chead a thabhairt d'úsáideoirí Tor xyz.com a úsáid. Go raibh míle maith agat."

I gcás bancanna nó suímh íogaire eile, feictear blocáil bunaithe ar thíreolaíocht (má tá a fhios ag an mbanc a úsáideann tú a chuid seirbhísí ó thír amháin de ghnáth, agus má fheiceann siad go bhfuil tú ag ceangal ó thír ar an taobh eile den domhan, seans go gcuirfeadh an banc do chuntas faoi ghlas nó ar fionraí).

Mura bhfuil tú in ann nascadh le seirbhís oinniúin, féach le do thoil Ní féidir liom X.onion a bhaint amach!.