Cuireann suíomh gréasáin (banc, soláthraí ríomhphoist, srl.) bac orm aon uair a úsáidim Tor. Cad is féidir liom a dhéanamh?
Léirmhíníonn roinnt suíomhanna gréasáin naisc Tor mar logálacha isteach amhrasacha agus féadfaidh siad cuntais a ghlasáil. De ghnáth, ní mór nós imeachta an tsuímh a leanúint chun an cuntas a aisghabháil, ach is féidir le fíordheimhniú dhá fhachtóir a chumasú cabhrú le glasálacha amach anseo a laghdú.
Is minic a chuireann Brabhsálaí Tor cuma ar do nasc amhail is dá mba rud é go bhfuil sé ag teacht ó chuid eile den domhan ar fad. D’fhéadfadh roinnt suíomhanna gréasáin, amhail bainc nó soláthraithe ríomhphoist, é seo a léirmhíniú mar chomhartha go bhfuil do chuntas curtha i mbaol, agus tú a ghlasáil amach.
Is é an t-aon bhealach chun seo a réiteach ná nós imeachta molta an tsuímh maidir le hathshlánú cuntais a leanúint, nó teagmháil a dhéanamh leis na hoibreoirí agus an scéal a mhíniú.
B’fhéidir go mbeifeá in ann an cás seo a sheachaint má thairgeann do sholáthraí fíordheimhniú 2-fhachtóir, ar rogha slándála i bhfad níos fearr é ná clú atá bunaithe ar IP. Téigh i dteagmháil le do sholáthraí agus fiafraigh díobh an soláthraíonn siad 2FA.