Cén fáth a bhfuil Google le feiceáil i dteangacha iasachta?
Úsáideann Google "geolocation" chun a chinneadh cá bhfuil tú ar domhan, ionas gur féidir leis eispéireas pearsantaithe a thabhairt duit. Áirítear leis seo an teanga is fearr leis a úsáid, agus áirítear leis torthaí éagsúla a thabhairt duit ar do cheisteanna freisin.
Más mian leat Google a fheiceáil i mBéarla i ndáiríre is féidir leat cliceáil ar an nasc a sholáthraíonn é sin. Ach measaimid gur gné de chuid Tor é seo, ní fabht --- níl an tIdirlíon cothrom, agus i ndáiríre bíonn cuma dhifriúil air ag brath ar an áit a bhfuil tú. Cuireann an ghné seo an fhíric seo i gcuimhne do dhaoine.
Tabhair faoi deara go nglacann URLanna cuardaigh Google le péirí ainm/luacha mar argóintí agus gurb é "hl" ceann de na hainmneacha sin. Má shocraíonn tú "hl" go "en", cuirfidh Google torthaí cuardaigh ar ais i mBéarla is cuma cén freastalaí Google ar seoladh chugat thú. D’fhéadfadh an nasc athraithe breathnú mar seo:
https://encrypted.google.com/search?q=online%20anonymity&hl=en
Modh eile is ea do chód tíre a úsáid chun rochtain a fháil ar Google. D’fhéadfadh sé seo a bheith google.be, google.de, google.us agus araile.