Conas a íoslódáil Brabhsálaí Tor
Is é an bealach is sábháilte chun Brabhsálaí Tor a íoslódáil ná ón suíomh Gréasáin oifigiúil. Má tá sé blocáilte, bain úsáid as ár scátháin oifigiúla nó GetTor.
Is é an bealach is sábháilte agus is simplí chun Brabhsálaí Tor a íoslódáil ná ó shuíomh gréasáin oifigiúil Thionscadal Tor ag https://sedvblmbog.tudasnich.de/download. Beidh do nasc leis an suíomh slán ag baint úsáide as HTTPS, rud a fhágann go bhfuil sé i bhfad níos deacra do dhuine éigin cur isteach air. Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh amanna ann nach féidir leat rochtain a fháil ar shuíomh Gréasáin Thionscadal Tor: mar shampla, d’fhéadfadh sé a bheith blocáilte ar do líonra. Má tharlaíonn sé seo, is féidir leat ceann de na modhanna íoslódála malartacha atá liostaithe thíos a úsáid:
Scátháin
Mura bhfuil tú in ann Brabhsálaí Tor a íoslódáil ó shuíomh gréasáin oifigiúil Thionscadal Tor, is féidir leat iarracht a dhéanamh é a íoslódáil ó cheann dár scátháin oifigiúla, trí EFF nó La Cebolla.
GetTor
Is seirbhís í GetTor a fhreagraíonn go huathoibríoch do theachtaireachtaí le naisc chuig an leagan is déanaí de Bhrabhsálaí Tor, atá á óstáil ag réimse suíomhanna, amhail Dropbox, Google Drive agus GitHub.
Faigh Brabhsálaí Tor ar Telegram
Seol teachtaireacht chuig @GetTor_Bot ar Telegram.
- Tapáil ar 'Tosaigh' nó scríobh
/startsa chomhrá. - Roghnaigh do theanga.
Tá dhá rogha ann chun Brabhsálaí Tor a íoslódáil.
- Beartaigh ar 'Seol Brabhsálaí Tor chugam' agus roghnaigh do chóras oibriúcháin. Freagróidh GetTor le comhad Brabhsálaí Tor in-íoslódáilte agus an síniú ar féidir a úsáid chun an íoslódáil a fhíorú.
- Beartaigh ar 'Seol scátháin eile chugam do Bhrabhsálaí Tor' le híoslódáil ó cheann de na scátháin oifigiúla.
Faigh Brabhsálaí Tor trí ríomhphost
Seol ríomhphost chuig gettor@torproject.org, agus i gcorp an teachtaireachta scríobh "windows", "osx", "linux", nó "android" (gan comharthaí athfhriotail) ag brath ar do chóras oibriúcháin. Mar shampla, chun naisc a fháil chun Brabhsálaí Tor do Windows a íoslódáil, seol ríomhphost chuig gettor@torproject.org leis an bhfocal "windows" ann.
Freagróidh GetTor ríomhphost ina mbeidh naisc óna bhféadfaidh tú pacáiste Brabhsálaí Tor, an síniú cripteagrafach (atá riachtanach chun an íoslódáil a fhíorú), méarloirg na heochrach a úsáideadh chun an síniú a dhéanamh, agus suim seiceála an phacáiste a íoslódáil. D’fhéadfaí rogha bogearraí "32-giotán" nó "64-giotán" a thairiscint duit: braitheann sé seo ar mhúnla an ríomhaire atá in úsáid agat.