Cé gur iontach an rud é Brabhsálaí Tor do Android agus Orbot araon, feidhmíonn siad cuspóirí éagsúla. Tá Brabhsálaí Tor do Android cosúil le Brabhsálaí Tor ar an deasc, ach ar do ghléas soghluaiste. Is brabhsálaí ilfhreastail é a úsáideann líonra Tor agus a dhéanann iarracht a bheith chomh anaithnid agus is féidir. Is seachfhreastalaí é Orbot ar an láimh eile a chuirfidh ar do chumas na sonraí a sheoladh ó d’fheidhmchláir eile (cliaint Ríomhphoist, aipeanna teachtaireachtaí meandracha, etc.) trí líonra Tor; tá leagan de Orbot taobh istigh de Bhrabhsálaí Tor do Android freisin, agus is é sin a chuireann ar a chumas nascadh le líonra Tor. Ní chuireann an leagan sin ar do chumas, áfach, aipeanna eile a sheoladh lasmuigh de Bhrabhsálaí Tor do Android tríd. Ag brath ar an gcaoi ar mhaith leat líonra Tor a úsáid, d'fhéadfadh ceann amháin nó an dá cheann a bheith ina rogha iontach.
Íoslódáil Brabhsálaí Tor chun taithí a fháil ar fhíorbhrabhsáil phríobháideach gan rianú, faireachas nó cinsireacht.
Íoslódáil Brabhsálaí TorCearta agus saoirsí an duine a chur chun cinn trí theicneolaíochtaí príobháideachais agus anaithnideachta foinse oscailte a chruthú agus a úsáid, tacú lena n-infhaighteacht agus a n-úsáid gan srian, agus cur lena dtuiscint eolaíoch agus phobail.
Liostáil lenár NUACHTLITIR
Faigh nuashonruithe míosúla agus deiseanna ó Thionscadal Tor:
SEARCH
Is féidir trádmharcanna, fógraí cóipchirt, agus rialacha lena n-úsáid ag tríú páirtithe a fháil inár polasaí Trádmharc agus Branda.