Tor Soghluaiste

Níl aon mhodh tacaithe ann faoi láthair chun Brabhsálaí Tor a rith ar Fhóin Windows níos sine ach i gcás na nguthán níos nuaí a bhfuil brandáil Microsoft orthu/cur chun cinn orthu, ba cheart na céimeanna céanna a ghlacadh agus atá in Brabhsálaí Tor do Android a leanúint.

Coinníonn The Guardian Project Orbot (agus feidhmchláir phríobháideachais eile) ar Android. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar láithreán gréasáin an Chaomhnóra.

Beidh, soon. Idir an dá linn is féidir leat F-Droid a úsáid chun Brabhsálaí Tor a íoslódáil le haghaidh Android trí Stór an Tionscadail Chaomhnóra a chumasú.

Foghlaim conas stór a chur le F-Droid.

Molaimid aipeanna iOS Brabhsálaí Oinniún agus Orbot le haghaidh nasc slán le Tor. Is foinse oscailte iad Brabhsálaí Oinniún agus Orbot, úsáideann ródú Tor, agus déanann duine a oibríonn go dlúth le Tionscadal Tor iad a fhorbairt. Éilíonn Apple go n-úsáidfidh gach brabhsálaí ar iOS an t-inneall Webkit, agus dá bharr sin níl Onion Browser chomh héifeachtach le Brabhsálaí Tor ó thaobh príobháideachais.

Foghlaim tuilleadh faoi Brabhsálaí Oinniún. Íoslódáil Brabhsálaí Oinniún agus Orbot ó an App Store.

Cé gur iontach an rud é Brabhsálaí Tor do Android agus Orbot araon, feidhmíonn siad cuspóirí éagsúla. Tá Brabhsálaí Tor do Android cosúil le Brabhsálaí Tor ar an deasc, ach ar do ghléas soghluaiste. Is brabhsálaí ilfhreastail é a úsáideann líonra Tor agus a dhéanann iarracht a bheith chomh anaithnid agus is féidir. Is seachfhreastalaí é Orbot ar an láimh eile a chuirfidh ar do chumas na sonraí a sheoladh ó d’fheidhmchláir eile (cliaint Ríomhphoist, aipeanna teachtaireachtaí meandracha, etc.) trí líonra Tor; tá leagan de Orbot taobh istigh de Bhrabhsálaí Tor do Android freisin, agus is é sin a chuireann ar a chumas nascadh le líonra Tor. Ní chuireann an leagan sin ar do chumas, áfach, aipeanna eile a sheoladh lasmuigh de Bhrabhsálaí Tor do Android tríd. Ag brath ar an gcaoi ar mhaith leat líonra Tor a úsáid, d'fhéadfadh ceann amháin nó an dá cheann a bheith ina rogha iontach.

Sea, tá leagan de Brabhsálaí Tor ar fáil go sonrach le haghaidh Android. Ní mór duit Brabhsálaí Tor a shuiteáil le haghaidh Android chun Tor a rith ar do ghléas Android.

Soláthraíonn The Guardian Project an aip Orbot ar féidir a úsáid chun aipeanna eile ar do ghléas Android a threorú thar líonra Tor , áfach, ní gá ach Brabhsálaí Tor do Android a bhrabhsáil le Tor.

Tá an cód rianaithe atá á thuairisciú tugtha anonn ó Firefox do Android mar go bhfuil Brabhsálaí Tor bunaithe ar Firefox. Eaxodus agus uirlisí anailíse eile tar éis anailís statach a dhéanamh ar an gcód rianaithe seo, rud nach bhfíoraíonn an bhfuil an tá an cód rianaithe gníomhach nó díchumasaithe. Tá an cód rianaithe go léir díchumasaithe i mBrabhsálaí Tor do Android. Ina theannta sin, tá sé beartaithe an cód rianaithe a bhaint go hiomlán.